Document Type

Article

Rights

Available under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike 4.0 International Licence

Publication Details

Oideas 55

Abstract

Achoimre Déantar cur síos san alt seo ar ról na scéalta agus na leabhar mar áis fhoghlamtha teanga is scéalaíochta sa naíonra Gaelach. Déantar anailís ar an teoiric a bhaineann le forbairt na teanga is na scéalaíochta féin sa chéad is sa dara teanga. Deineadh cluastaifeadadh ar na seisiúin scéalaíochta i naíonra Gaelach amháin gach coicís ar feadh sé mhí. Scagadh na hathscríbhinní chun féachaint cén modh scéalaíochta a bhí in úsáid ag na stiúrthóirí is cén dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag na páistí. Tugtar cuntas anseo ar na straitéisí scéalaíochta a bhí in úsáid ag na stiúrthóirí sin agus ar na naisc a dhein siad idir na scéalta is na gníomhaíochtaí eile sa naíonra. Tuigeadh gur chabhraigh an modh inste rialta leis na páistí chun páirt a ghlacadh sa scéal. Tuigeadh freisin go raibh tábhacht ag baint leis an scéal céanna a léamh go minic chun seans a thabhairt do na páistí dul i dtaithí ar an mbrí is ar an bhfoclóir is chun deis a thabhairt dóibh ceangail a dhéanamh idir na scéalta is imeachtaí an naíonra is a saol féin.

DOI

10.21427/D76R3S


Share

COinS